Ireland - Comhar Naíonraí na Gaeltachta: Cuireadh chun Tairisceana / Invitation to Tender
For more information and to make a bid you will need to go to the third party website.
Details
Provided by- Opportunity closing date
- 12 December 2024
- Opportunity publication date
- 14 November 2024
- Value of contract
- to be confirmed
- Your guide to exporting
Description
Cuireadh chun TairisceanaLe haghaidhStraitéis Teicneolaíochta Faisnéise do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (English version available at: https://www.comharnaionrai.ie/en/news/ or at the end of this document) Nós Imeachta OSCAILTE Dáta Eisiúna 14/11/2024 Dáta Deiridh le haghaidh Fiosruithe 05/12/2024 Seoladh ríomhphoist le haghaidh Fiosruithe ray@cnng.ie Spriocdháta/Am le haghaidh Tairiscintí 12/12/2024 Treoracha maidir le Tairiscintí a chur ar ais Le seoladh chuig: ray@cnng.ie Luach an Chonartha €5,000 - €8,000 Cuid 1 - Tús Eolais Cé hiad Comhar Naíonraí na Gaeltachta? Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) arb é is cuspóir dó seirbhís luathbhlianta den scoth a chur ar fáil, trí mheán na Gaeilge, i gceantair Ghaeltachta. Cuireann CNNG an bonneagar is gá ar fáil le haghaidh na seirbhísí luathbhlianta chomh maith le seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus oiliúna a chur ar fáil do na seirbhísí sin. Tháinig fás mór ar líon na seirbhísí luathbhlianta le CNNG le roinnt blianta anuas, in éineacht leis an raon seirbhísí agus an líon leanaí ar ar freastalaíodh. Tá os cionn 130 seirbhís/seisiún luathbhlianta ann faoin tráth seo faoi threoir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus tá méadú leanúnach ar an líon seirbhísí a thagann isteach gach bliain faoi struchtúr na heagraíochta. Tá oifigí ag an gcomhlacht i ngach mórlimistéar Gaeltachta agus freastalaíonn os cionn 1,800 leanbh ar ár seirbhísí. Tá an Eagraíocht freagrach as buiséad bliantúil €6 mhilliún a riar. Fostaíonn an Eagraíocht foireann riaracháin dhá dhuine dhéag faoi láthair. Athbhreithniú ar Struchtúr TF Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é Comhar Naíonraí na Gaeltachta a bhfuil ionadaithe ó na Seirbhísí Luathbhlianta agus Údarás na Gaeltachta ar a bhord stiúrthóirí. Faigheann CNNG cion mór dá chuid ioncaim ó fhoinsí an stáit, is iad Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a chuireann an maoiniú ar fáil chun tacú le costais riaracháin na heagraíochta. Tá plean straitéiseach trí bliana ag an eagraíocht don tréimhse 2023 go dtí 2026. I gcomhthreo leis sin, is mian leis an mbord stiúrthóirí athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an Struchtúr TF atá i bhfeidhm faoi láthair agus is mian leis Comhairleoir Neamhspleách a cheapadh chun plean straitéiseach TF a fhorbairt don eagraíocht. Cinnteofar leis sin go mbeidh na struchtúir TF iomchuí ag an eagraíocht chun feidhmiú chuig na caighdeáin is airde. Cuid 2 – Ceanglais agus Sonraíochtaí Tá sé mar aidhm ag bord stiúrthóirí CNNG athbhreithniú neamhspleách agus anailís a dhéanamh ar oiriúnacht agus éifeachtacht an struchtúir Faisnéise agus Teicneolaíochta reatha agus creat oibriúcháin agus beartas TF éifeachtach a mholadh don eagraíocht. Tá sé beartaithe ag CNNG comhairleoir seachtrach neamhspleách a cheapadh, ag a mbeidh an saineolas i gcúrsaí a bhaineann le Teicneolaíocht na Faisnéise, chun an t-athbhreithniú a dhéanamh. Is é sprioc an bhoird stiúrthóirí féachaint ar éifeachtacht an struchtúir TF reatha agus moltaí a dhéanamh a chuideoidh chun an eagraíocht a neartú chun a chinntiú go bhfuil sí ag feidhmiú i gcomhréir leis an dea-chleachtas. Bheadh coinne leis go mbeadh an t-iarrthóir rathúil líofa i nGaeilge toisc gur eagraíocht Ghaeilge é Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Cúraimí I gcomhréir le Plean Straitéiseach CNNG 2023-2026comharnaionrai.ie/uploadedfiles//Comhar-Naionrai-na-Gaeltachta-Plean-Straiteiseach.pdf Athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh chun: Measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an struchtúir TF reatha Bearnaí a aithint chun a chinneadh cad is gá a bhaint amach, amach anseo. Moltaí a thabhairt in éineacht le togra mionsonraithe le haghaidh creat oibriúcháin TF éifeachtach nuashonraithe chun gnáth-fheidhmiú éifeachtach agus cothabháil leanúnach a chinntiú. Beartais TF reatha CNNG a athbhreithniú, a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta, chun a chinntiú go bhfuil siad ag teacht leis an dea-chleachtas. Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith ag baint leis an togra maidir le Creat Oibriúcháin TF nuashonraithe: A chinntiú go mbeidh TF fós faoi shainchúram an bhuiséid agus ag teacht leis an reachtaíocht reatha agus leis na rialacha reachtúla. Ba cheart teimpléad agus Creat le haghaidh iniúchtaí TFC a bheith ann (lena n-áirítear iniúchtaí slándála) a thionscnófar gach ré bliain, agus a chinntiú go ndéantar aon laigí a aithníodh le linn na n-iniúchtaí a shainaithint agus a leigheas go pras. Treochlár 3 bliana a áireamh don aistriú ón gcreat oibriúcháin reatha chuig an gcreat nuashonraithe chun na nithe seo a leanas a áireamh: Mapáil ar an bhfás agus na costálacha réamh-mheasta thar thréimhse an treochláir 3 bliana chun go mbeifear in ann buiséad intuartha a leagan síos don tréimhse ama. Gníomhaíochtaí a bheidh le glacadh i mbliain a haon - aon chéimeanna nó gníomhaíochtaí ginearálta nach mór a ghlacadh chun feidhmíocht chórais reatha CNNG a neartú le costáil mhionsonraithe maidir leo. An gníomh a bheidh le glacadh i mblianta a dó agus trí, agus tús áite á thabhairt d’aon athruithe ba cheart a dhéanamh ar an struchtúr TF a chuirfeadh le feidhmiú éifeachtúil na heagraíochta, agus é a ailíniú le dea-chleachtais – agus costáil mhionsonraithe maidir leo sin. Teimpléad a chur san áireamh chun an buiséad bliantúil TFC a ullmhú, agus chun monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh air. Clár Riosca TFC a áireamh le prótacal don chlár Riosca TFC a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart go n-áireofaí in aon mhór-rioscaí a aithníodh sa chéim tosaigh sin treoraíocht maidir le maolú laistigh de thréimhsí ama réasúnacha. Modh maidir le monatóireacht, meastóireacht agus athbhreithniú tréimhsiúil ar éifeachtacht an chreata oibriúcháin chun riachtanais oibriúcháin CNNG a chomhlíonadh. Cuid 3 - Incháilitheacht agus Critéir Dámhachtana Taithí roimhe seo Ní mór do thairgeoirí a dtaithí roimhe seo a léiriú maidir le trí chonradh a sheachadadh, de chineál agus de scála is inchomparáide leis na ceanglais atá leagtha amach faoin gcomórtas seo. Moltar do thairgeoirí nach mór a léiriú sna conarthaí tagartha atá liostaithe an cumas na gnéithe éagsúla seirbhíse is gá a sheachadadh chun ceanglais an Údaráis Chonarthaigh a chomhlíonadh. Iarrtar ort an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil le haghaidh gach conartha dá dtagraítear: Ainm an Chliaint Tréimhse/dátaí seachadta seirbhíse Raon na seirbhísí a sholáthraítear Teanga an tseachadta seirbhíse Critéir Dhámhachtana Dámhfar an conradh bunaithe ar fhiúntas an chórais scórála inmheánaigh. Dámhfar an tairiscint seo bunaithe ar an tairiscint is fearr a thugann luach ar airgead agus aird chuí aige freisin ar inniúlacht an tairgeora an tionscadal a sheachadadh trí mheán na Gaeilge. Roinntear na critéir dhámhachtana mar atá thíos: 25% Modheolaíocht 25% Taithí Roimhe Seo 25% Praghas 25% Cumas sa Ghaeilge Ní bheidh aon tiomantas d’aon chineál, conarthach nó eile, éifeachtach mura bhfeidhmíonn an tÚdarás Conarthach conradh foirmiúil i scríbhinn nó mura bhfeidhmítear ar a shon é agus go dtí go bhfeidhmítear amhlaidh. Ní thiocfaidh aon chearta a bheidh infhorfheidhmithe ag an té a dhéanfaidh ceantáil toisc go dtabharfaidh an tÚdarás Conarthach fógra dámhachtana i dtaca le stádas an té a roghnófar chun ceantáil a dhéanamh. Féadfaidh an tÚdarás Conarthach an comórtas soláthair phoiblí seo a chealú ag aon tráth sula ndéanfaidh an tÚdarás Conarthach conradh foirmiúil i scríbhinn a fheidhmiú nó sula ndéantar é a fheidhmiú ar a shon. Níl an tÚdarás Conarthach faoi cheangal glacadh leis an Tairiscint leis an bpraghas is ísle, nó le haon Tairiscint. Luacháil an chonartha €5,000 - €8,000 Dáta Seachadta Tá sé beartaithe ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta an conradh a dhámhadh don iarratas is fearr a thugann luach ar airgead roimh 12/12/2024 agus tá coinne leis go mbeidh an obair tugtha chun críche faoin 28/02/2024. Invitation to TenderForIT Strategy for Comhar Naíonraí na Gaeltachta Procedure OPEN Date of Issue 14/11/2024 Closing Date for Inquiries 05/12/2024 Email Address for Inquiries ray@cnng.ie Closing Date/Time for Tenders 12/12/2024 Instructions for returning Tenders To be sent to: ray@cnng.ie Value of Contract €5,000 - €8,000 Part 1 - Introduction Who are Comhar Naíonraí na Gaeltachta? Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) is a company limited by guarantee whose objective is to provide an excellent early years’ service, through Irish, in the Gaeltacht areas. CNNG provides the necessary infrastructure for the early years services as well as providing administrative, support and training services for those services. There has been significant growth in the number of early years services with CNNG over the past few years, together with the range of services and the number of children served. At this time there are over 130 early years services/sessions under the direction of Comhar Naíonraí na Gaeltachta and there is a continuous increase in the number of services coming in every year under the structure of the organisation. The company has offices in all major Gaeltacht areas and over 1,800 children attend our services. The Organisation is responsible for administering an annual budget of €6m. The Organisation currently employs an administrative team of twelve. Review of Comhar Naíonraí na Gaeltacht’s IT Structure CNNG is a company limited by guarantee whose board of directors is made up of representatives from Early Years Services and Údarás na Gaeltachta. CNNG receives a large part of its income from state sources, it is Roinn na Gaeltachta and Údarás na Gaeltachta that provides the funding to support the organization’s administrative costs. The organisation has a three-year strategic plan for the period 2023 to 2026. In parallel with this, the board of directors wishes to carry out an independent review of the IT Structure that is currently in place and wishes to appoint an Independent Consultant (IC) to develop an IT strategic plan for the organisation . This will ensure that the organisation has the appropriate IT structures in place to operate to the highest standards. Part 2 – Requirements and Specifications CNNG's board of directors aims to conduct an independent review and analysis of the suitability and effectiveness of the current Information and Technology structure and recommend an effective IT operational framework and policy for the organisation. CNNG intends to appoint an independent external consultant, with expertise in matters of IT, to undertake this review. It is the goal of the board of directors to look at the effectiveness of the current IT structure and to make recommendations that will help to strengthen the organisation to ensure it is operating in line with best practice. It is envisioned that the successful candidate would be fluent in Irish as Comhar Naíonraí na Gaeltachta is an Irish speaking organization. Tasks In line with CNNG’s Strategic Plan 2023-2026comharnaionrai.ie/uploadedfiles//Comhar-Naionrai-na-Gaeltachta-Plean-Straiteiseach.pdf Conduct an independent review to: Assess the suitability of the current IT structure Identify gaps to determine what needs to be achieved going forward. Provide recommendations with a detailed proposal for an effective updated IT operational framework to ensure effective everyday operation and ongoing maintenance. Review, develop and update CNNG’s current IT policies, to ensure that they are in line with best practice. The proposal on an updated IT Operational Framework should: Ensure that IT remains within the remit of the budget and in line with current legislation and statutory rules. Include a template and Framework for ICT audits (including security audits) to be initiated every two years, and ensuring any weaknesses identified during the audits are identified and promptly remediated. Include a 3-year roadmap for transition from the existing operational framework to the updated framework to include: Mapping of the projected growth and costings over the course of the 3-year roadmap to enable predictable budgeting for the time frame. Actions to be taken in year one - any steps or general actions that must be taken to strengthen the performance of CNNG’s current systems with detailed costing of same. Action to be taken years two and three, prioritizing any changes that should be made to the IT structure that would contribute to the efficient functioning of the organisation, and to align it with best practices – with detailed costing of same. Include a template for annual ICT budget preparation, monitoring and review. Include an ICT Risk register with a protocol for the ICT Risk register to be updated, any major risks identified in this initial phase should include guidance on mitigation within reasonable timeframes. A method for the periodic monitoring, evaluation and review of the effectiveness of the operational framework in meeting CNNGs operational needs. Part 3 - Eligibility and Award Criteria Previous experience Bidders must demonstrate their previous experience in delivering three contracts of a nature and scale comparable to the requirements set out under this competition. Bidders are advised that the reference contracts listed must demonstrate the ability to deliver the various aspects of service required to meet the requirements of the Contracting Authority. You are requested to provide the following information for each contract referred to: Name of the Client Service delivery period/dates Scope of services provided Language of service delivery Award Criteria The contract will be awarded on the merit of an internal scoring system. This tender will be awarded based on the most economically advantageous tender and also have due regard to the competence of the tenderer to deliver the project in the Irish language. This award criteria is divided as per below: 25% Methodology 25% Previous Experience 25% Price 25% Irish Language capability No commitment of any kind, contractual or otherwise, shall be effective unless and when a formal written contract is executed by or on behalf of the Contracting Authority. No rights enforceable by the outbidder shall arise from the fact that notice of award has been given by the Contracting Authority in relation to the status of the selected outbidder. The Contracting Authority may cancel this public procurement competition at any time before a formal written contract has been executed by or on behalf of the Contracting Authority. The Contracting Authority does not bind itself to accept the lowest price Tender, or any Tender. Valuation of the contract €5,000 - €8,000 Date of Delivery Comhar Naíonraí na Gaeltachta intends to award the contract to the most economical application before 12/12/2024 and it is expected that the work will be completed by the 28/02/2024.
- Opportunity closing date
- 12 December 2024
- Value of contract
- to be confirmed
About the buyer
- Address
- Comhar Naíonraí na Gaeltachta
The deadline to apply for this opportunity has passed.
Visit the
opportunities page
to find another.